Mark 8:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do labhair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreith do Pheadar air, do thionnsgain sé achmhusán do thabhairt dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo é go foscailte. Agus thug Peadar i leith é, agus do thosnuigh sé ar achmhusán do thabhairth dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé sin go soiléir. Agus ghlac Peadar é, agus thosaigh ar locht a fháil air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó.