Mark 8:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar gcasadh dhósan agus ar bhfhéachain ar a dheisciobluibh, do imdhearg se Peadar, ag rádh, Imthigh am dhíaigh, a Shatáin: óir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Día, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ar chasadh thart, agus ar fheicsin a dheisceabal dó, do cheartuigh sé Peadar, agus adubhairt sé, Imthigh taobh thiar díom, a Shátain: óir ní h‐iad neithe Dé is mian leat‐sa acht neithe daoine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach thiontaigh sé thart agus chonaic sé a dheisceabail, agus dʼfhág sé an locht ar Pheadar, agus dúirt leis, “Cúl mo chinn leat, a Shátain! Óir ní thaobhaíonn tú le Dia, ach leis na daoine.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach d' iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dʼiompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.”