Mark 8:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngairm an tslúaigh agus a dheisciobail chuige dhó, a dubhairt sé ríu, Gidh bé lé nab aill misi do leanmhuin, díultadh sé dhó féin, agus tógbhadh sé a chros, agus leanadh sé misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ghlaoigh sé an mórshlua agus a dheisceabail leo, agus dúirt sé leo, “Más mian le haon duine teacht i mo dhiaidh diúltaíodh sé é féin agus tógadh sé a chrois ar a ghualainn agus leanadh sé mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.