Mark 8:38 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir gidh bé neach lér náir misi, agus mo bhríathra ann sa chineadh adhaltrannach agus pheacthadh so; budh náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan thiocfas sé a nglóir Athar féin maille ré na ainglibh náomhtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Óir cibé duine den ghlúin adhaltranach choirpeach seo ar chúis náire dó mise agus na briathra seo agam, beidh náire ar Mhac an duine a admháil gur leis féin é nuair a thagas sé i nglóir a Athar i gcuideachta na naomhaingeal.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir cibé ar náir leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is náir le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”