Mark 8:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do aíthin seision don tslúagh suidhe síos ar an dtalamh: agus ar nglacadh na seachd narán dó, tar éis bhuidheachuis do thabhairt, do bhris sé, agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum a gcur ann a bhfíadhnuisi; agus do chuireadarsan a bhfíadhnuisi an tslúaigh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh: agus do ghlac sé na seacht mbollóga chuige, agus tar a éis dó buidheachas do ghabháil, do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad le cur os cómhair an tsluaigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh; agus ghlac sé na seacht mbuilín, agus thug sé altú buíochais agus roinn sé iad ar a dheisceabail le cur roimh na daoine; agus chuir siad roimh an slua iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní, d' altaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilín, dʼaltaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,