Mark 8:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhádar beagán díasgaibh beaga aca: agus an tan tug sé buidheachus, a dubhairt sé íad sin fós do chur na bhfíadhnuisi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí roinnt iasc beag aca: agus nuair do bheannuigh sé iad, d’órduigh sé dhóibh iad so do chur os a gcómhair mar an gcéadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí beagán dʼéisc bheaga acu; agus bheannaigh sé iad agus dʼordaigh sé iad a chur rompu fós.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iad-san a chur os a gcomhair freisin.