Mark 9:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil cuid dá bhfuil na seasamh ann so do lathair, nach blaisdi bás, no go bhfaicid síad ríoghachd Dé ag teachd maille ré cumhachduibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, agus ní bhlaisfid‐sean an bás nó go bhfeicid ríoghacht Dé ag teacht i gcumhacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar seisean leo, “Is fíor an ní atáim á rá libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go dtí go bhfeicfidh siad ríocht Dé ag teacht faoi chumhacht.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé leo: «Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”