Mark 9:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tig Elías go deimhin ar tús, agus aiséochaidh sé gach uile ní; agus mar a tá sgríobhtha a dtimcheall Mhic an duine, Go gcaithfeadh sé mórán dfulang, agus bheith fá neimhchion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deimhin, agus athnuadhann sé gach uile nidh: agus cionnas atá scríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go gcaithfidh sé mórán d’fhulang agus bheith fá tharcuisne?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is é a dúirt sé leo, “Ar ndóigh tagann Elia an chéad uair le rudaí a chur ar ais ina riocht féin; ach cad é mar a bhfuil sé scríofa i dtaobh Mhac an duine, go bhfulaingeoidh sé mórán agus go mbeidh sé faoi dhímheas?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “Tiocfaidh Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus a bheith faoi dhrochmheas?