Mark 9:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gach uile bhall a mbeireann sé air, tairngidh sé as a chéile é: agus cuiridh sé cubhar thar a bhéul, agus dó ní sé gíosgarnach lé na fhlacluibh, agus téid sé a seirgtheachd: agus a dubhairt mé réd dheisciobluibhsi a chur a mach as; achd cheann níor fhéudadar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cubhar as a bhéal, agus do‐ghní sé gíoscán le n‐a fhiaclaibh, agus atá sé ag cnaoi: agus do labhras led’ dhéisceablaibh ’g‐a iarraidh ortha a díbirt amach as; agus níor fhéadadar‐san a dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus cibé áit a mbeireann sí air, caitheann sí ar lár é; agus tagann cúr lena bhéal agus díoscán fiacal agus fágtar stromptha é; agus dʼiarr mé ar do dheisceabail a cur as, agus níor fhéad siad a dhéanamh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D' iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. Dʼiarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.”