Mark 9:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a gcionn sé lá na dhíaighsin, rug Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin leis, agus do thréoruigh sé íad na náonar fá leith go slíabh ro árd: agus do háthruigheadh a chrúth na bhfíadhnuisi:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i gceann sé lá ’n‐a dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do threoruigh sé iad ’n‐a n‐aonar fá leith suas ar shliabh árd: agus do h‐athruigheadh a ghné ’n‐a bhfiadhnaise:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus sé lá ina dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar agus Séamas agus Eoin, agus sheol iad go mullach ardshléibhe agus gan acu ach iad féin; agus bhí athrú crutha air ina bhfianaise,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl,