Mark 9:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadar chuige é: agus an tan do chonnairc sé é, do tharraing an spiorad as a chéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalamh dhó, do bhí sé dhá únfairt ag cur chubhair as a bhéul.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thugadar chuige é: agus nuair do chonnaic an spioraid é, ar an láthair do réab sí é go millteach, agus do thuit sé ar an talamh, agus é ag ionfairt, agus cubhar ar a bhéal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug siad chuige an garsún; agus ní luaithe a chonaic an sprid é, ná tháinig corraí mór ar an ngarsún, agus thit sé ar an talamh, ag unfairt agus cúr lena bhéal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh á únfairt féin agus cúr lena bhéal.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh dá únfairt féin agus cúr lena bhéal.