Mark 9:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chonnairc Iósa an slúagh uile ag coimhrith chuige, do imdhearg sé an spiorad neamhghlan, ag rádh ris, A spiorad bhailbh agus bhodhair, aithnimsi dhíot, imthigh a mach as, agus na héirigh a sdeach ann ní so mhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic Íosa go raibh sluagh mór daoine ag rith chuige, do smachtuigh sé an spioraid neamh‐ghlan, ’g‐a rádh leis, A spioraid bhalbh, bhodhar, órduighim‐se dhuit, tar amach as, agus ná téighir isteach ann arís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chonaic Íosa slua ag cruinniú de rith siúil, bhagair sé ar an sprid neamhghlan agus dúirt léi, “A sprid bhodhar bhalbh, ordaím duit teacht amach as, agus ná gabh isteach ann choíche aris!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: «A spioraid bhailbh bhodhair, táim á ordú duit, gabh amach as agus ná tar ann go deo arís.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim dá ordú duit, gabháil amach as agus gan teacht ann go deo arís.”