Mark 9:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néigheamh dhó, agus ar na tharrang as a chéile go ro úathbhásach, do chúaidh sé a mach as: agus do bhí sé a riochd mhairbh; ionnas go ndubhradar mórán, Go bhfúair sé bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag screadaigh, agus ’g‐a shracadh dhí go millteach, tháinig sí amach as: agus do bhí an leanbh mar do bhéadh corp: i dtreo go ndubhairt an chuid ba mhó aca, Atá sé marbh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tar éis béiciola agus é a chorraí go mór, tháinig sí amach, agus dʼfhág an garsún ina luí mar mharbhán; sa dóigh go ndúirt an chuid ba mhó acu, “Is marbh atá sé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus d' imigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: «Tá sé marbh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus dʼimigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.”