Mark 9:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean ríu, Ní héidir an ghné dheamhan so dhul a mach lé ní ar bith, achd tré úrnuighthe agus tré throsgadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Ní féidir a leithéid‐siúd do dhíbirt acht le h‐urnaighe agus le troscadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé leo, “Ní féidir an cineál seo deamhain a chur amach ach amháin leis an urnaí.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé leo: «Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé leo: “Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).”