Mark 9:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do theagaisg sé a dheisciobail féin, agus a dubhairt sé ríu, Do bhéurthar Mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhadh, éiréochuidh sé an treas lá.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do bhí sé ag teagasc a dheisceabal, agus ’g‐a rádh leo, Atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh na ndaoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhtha, éireochaidh sé an treas lá.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar bhíodh sé ag múineadh a dheisceabal, agus é á rá leo, “Beifear ag brath Mhac an duine i lámha daoine, agus cuirfidh siad chun báis é; agus trí lá tar éis a chur chun báis éireoidh sé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Tabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”