Mark 9:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé neach ghéubhus chuige áon dá leitheidibh so do leanbuibh am mainmsi, gabhuidh sé misi chuige: agus gidh bé neach ghéubhus misi chuige, ni misi ghabhus sé chuige, achd an té do chuir úadh mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé duine ghlacfas chuige im’ ainm‐se leanbh d’á leithéid seo, is mise ghlacas sé chuige, agus cibé duine ghlacas mise chuige, ní mise ghlacas sé, acht an té do chuir uaidh mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Cibé duine a ghlacas i mʼainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m' ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm-se, mise a ghlacann, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an té a chuir uaidh mé.”