Mark 9:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír gidh bé neach do bhéura cupán uisge ré na ól dáoibhsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd sibh, a deirim ribh go fírinneach, nach léigfi sé a lúaidheachd a mugha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cibé duine bhéarfas cupán uisce le n’ól daoibh im’ ainm‐se, de bhrigh gur daoine le Críost sibh, adeirim libh go fírinneach, nach gcaillfidh sé a luach‐saothair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Má thugann duine ar bith cupán d' fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Má thugann duine ar bith cupán dʼfhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.