Mark 9:43 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus más ciontach do lámh ré hoilbheim dfagháil dhuit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul ar leathláimh don bheathaidh, ná dhá láimh do bheith agad agus dul go hifearnn, a dtéinidh nach éidir do mhúchadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má bhíonn do lámh ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh, ’ná an dá láimh do bheith agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teinidh nach múchtar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus má bhíonn do lámh ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha agus tú ar leathláimh ná dul le do dhá láimh go hifreann, chuig an tine dhomhúchta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hIfreann, an tine nach féidir a mhúchadh