Mark 9:47 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus más ciontach do shúil ré hoilbhéim do thabhairt dhuit, teilg asad í: is fearr dhuit dul a sdeach go rioghachd Dé ar éunsúil, ná dhá shúil do bheith agad agus do theilgean go teinidh iféirn:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má bhíonn do shúil ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í: is fearr duit dul isteach i ríoghacht Dé ar leathshúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in Ifreann,