Mark 9:50 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is maith an salann: achd cheana má bhíonn an salann gan bhlas, Créd lé a ndéuntáoi deaghbhlasda é? Bíodh salann agaibh ionnaibh féin, agus bíodh síodhcháin aguibh ré chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is maith an nidh salann: acht má bhíonn an salann gan bhlas, cad leis an ndéanfaidh sibh deagh‐bhlasta é. Bíodh salann ionnaibh féin agaibh agus bíodh síothcháin eadraibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is maith é an salann; ach má chailleann an salann a ghoirte, cad é a thabharfas a bhlas dó aris? Cuireadh an salann dea-bhlas oraibh dá chéile, agus bígí i siocháin le chéile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.”