Mark 9:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag teachd dóibh a nuas on tslíabh, do áithin sé dhíobh gan na neithe do chonncadar dinnisin déin neách, no go neiséirgheadh Mac an duine ó mharbhuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag teacht anuas dóibh ó’n sliabh, thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine i dtaobh a bhfacadar, nó go n‐aiséirigheadh Mac an Duine ó na marbhaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh thug sé orthu gan insint dʼaon duine faoina bhfaca siad go dtí go n‑éireodh Mac an duine ó na mairbh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.