Matthew 1:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a nuile gheinealach ó Abraham go Dáibhi is ceithre gheinealach dég iad; agus ó Dháibhi go bruid na Babilóne ceithre glúine dég; agus ó bhruide na Babilóne go Chríosd ceithre glúine dég.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, na geinealaigh go léir ó Abracham go Dáibhí, is ceithre glúna déag iad; agus ó Dháibhí go broid Bhaibiolóine, ceithre glúna déag; agus ó bhroid Bhaibiolóine go Críost, ceithre glúna déag.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin ba cheithre ghlúin déag iad na glúine ó Abracham go Dáibhí, agus ceithre ghlúin déag ó Dháibhí go broid na Babalóine, agus ceithre ghlúin déag ó bhroid na Babalóine go dtí an Críost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre ghlúin déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre ghlúin déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre ghlúin déag.