Matthew 1:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar músgladh do Ióseph as a chodladh do rinne sé mar do aithin aingeal an Tighearna dhe, agus do ghabh sé chuide a bhean:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar ndúiseacht do Sheosamh, do‐rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhean,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a mhúscail Iósaf óna shuan, rinne sé mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó; agus ghlac sé chuige a bhanchéile,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
24a Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, agus rinne mar d' ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.