Matthew 10:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós béarthar sibh chum úachdarán agus chum rioghtheadh ar mo shonsa, mar fhínné dhóibhsean agus do na Cineadhachuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus tarraingeoidh siad leo sibh os comhair na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liomsa, le fianaise a thabhairt os a gcoinne siúd agus os coinne na nGintlithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall orm-sa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.