Matthew 10:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tan do bhéaraid síad úatha a láimh sibh, na bíodh na rochás oruibh cionnas no créd laibhéortháoi: óir do bhéarthar dháoibh ar a núarsin féin an ní laibhéortháoi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair bhéarfas siad ar láimh sibh, ná bíodh sé n‐a chás agaibh cionnas labharfas sibh, nó créad adéarfas sibh: óir dobhéarfar daoibh, an uair sin féin, an nidh labharfas sibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh ná go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,