Matthew 10:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdír, agus don tshearbhfhoghantuidhe bheith mar thighearna. Má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin ghoirfid é dá mhuinntir?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ba leor don deisceabal a bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábhaí a bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é a thabhairt ar lucht a theaghlaigh?