Matthew 10:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Giodh bé grádhuigheash a athair no a mathair ni is mó na misi ní fíu é misi: agus giodh bé ghradhuigheas a mhac nó a inghean ós mó chionnsa ní fíu é misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An té ar fearr leis a athair nó a mháthair ná mé ní fiú liom agam é; agus an té ar fearr leis a mhac nó a iníon ná mé ní fiú liom agam é;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbháil dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbháil dom;