Matthew 10:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Giodh bé gheabhas a anam caillfidh sé é: agus giodh bé chaillfeas a anam air mo shonsa do gheabhaidh sé é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an té a gheobhas a bheo caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liomsa is é a gheobhas a bheo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é.