Matthew 10:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chuir Iósa an da fhear dhéugso a mach, a tabhairt aitheantadh dhóibh, ag rádh, Na gabhaidh go slighe na Gcineadhach, agus na heírghigh a sdeach a gcathuir na Samaritánach;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh, Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir Íosa an dáréag sin amach uaidh, agus is é a dʼordaigh sé dóibh, “Ná buailigí an bealach a théas chun na nGintlithe, agus ná gabhaigí isteach in aon chathair Shamaratánach,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: «Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo a leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;