Matthew 11:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é seo an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, atáim ag cur mo theachtaire ar m’aghaidh rómham, Agus ullmhóchaidh seisean do bhealach rómhat.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach, a réiteos do shlí romhat.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ' Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’