Matthew 11:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean dá dhéanamh ar Ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.