Matthew 12:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, do bhí duine an nag a raibh lamh sheargthuighe. Agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An ceaduightheach leigheas do dhéanamh annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus féach, do bhí duine ann, agus lámh leis seargtha. Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bʼshiúd ansin fear a raibh leathlámh sheargtha air. Agus dʼfhiafraigh siad de, “An ceadmhach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?”, le cúis a fháil lena chur air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: «An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?» chun go gciontóidís é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá sabóide?” chun go gciontóidís é.