Matthew 12:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shin; agus do bhí sí ar na haiseag slán, mar an láimh eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adeir sé leis an duine, sín amach do lámh. Agus do shín; agus d’éirigh sí chómh slán leis an láimh eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar seisean ansin leis an bhfear, “Sín do lámh amach uait.” Agus shín an fear amach í, agus rinneadh slán folláin í, dála na leathláimhe eile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt sé leis an duine: «Sín amach do lámh.» Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í.