Matthew 12:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé; mo ghrádh féin, dá bhfuil toil mhór ag manam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na Cineadhachaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam; An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Féach mo sheirbhíseach a thogh mé, mo dhuine ionúin a mbíonn toil ag mʼanam ann. Cuirfidh mé air mo Spiorad, agus is é a fhógrós a gceart do na Gintlithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m' aonghrá ar a bhfuil gnaoi m' anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, mʼaonghrá ar a bhfuil gnaoi mʼanama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.