Matthew 12:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
No cionnas is éidir lé héinneach dul go tigh dhuine láidir, agus a airnéis tighe dfúadach leis, muna gceangluidh sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuidhe sé a thigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nó, cionnas is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a chuid d’fhuadach, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nó fós, conas a d' fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nó fós, conas a dʼfhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.