Matthew 12:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus giodh bé neach a déaraidh focal a naghaidh Mhic an duine, maithfidhthear dhó é: achd giodh bé neach laibhéoras a naghaidh an Spiorad Naóimh, ní maithfidhthear dhó é, ann sa tsáoghalso, ná ann sa tsáoghal a tá a teachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an té adéarfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é; acht an té labharfas i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó é, ar an saoghal so, ná ar an saoghal atá le teacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)