Matthew 12:38 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na Phairisíneachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir, is mían linn comharta dfaicsin úait.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin d’fhreagair cuid de na scríobhaidhthibh agus de na Fairisíneachaibh, agus adubhradar, A Mháighistir, ba mhian linn cómhartha d’fheicsin uait.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: «B' áil linn, a Mhaistir,» ar siad, «comhartha a fheiceáil uait.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “Bʼáil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.”