Matthew 12:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eiréochaidh luchd Ninebheh a mbréitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimneochaid síad é: óir do rinneadarsan aithrigh ag seanmoir Iónas; agus, féuch, a tá neach is mó ná Iónas ann so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Éireochaidh muinntir Ninibhe sa mbreitheamhnas leis an ngeinealach so, agus daorfaid‐sean é; agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d' fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Éireoidh muintir Ninivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a dʼfhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.