Matthew 12:42 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eíreochuidh bainríoghan an táoibhe budh dhead a mbreitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochuidh sí é: óir thainic sisí ó leithimealuibh na talmhan déisdeachd re heagna Sholaimh; agus, féuch, a tá neach as mó ná Solamh ann so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Éireochaidh bainríoghan an deiscirt sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an gheinealaigh so, agus daorfaidh sise é: óir tháinig sí ó fhoircheann an domhain chum éisteachta le n‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó na Solamh annso.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.”