Matthew 13:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a tá croidhe an phubuilsi ar na reamhrughadh, agus do chúaladar go bodhar lé na gclúasaibh, agus do chaochadar a súile; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go gcluinfidis lé na gclúasaibh, agus go dtuigfidís le na gcroidhe, agus go bhillfidis, agus go leighéosainnse íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá croidhe an phobail seo dúr, Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá croí na muintire seo i ndiaidh éirí ramhar, agus tugann siad cluas bhodhar, agus dhall siad a súile, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, agus go gcluinfeadh a gcluasa, agus go dtuigfeadh a gcroí, agus go dtiontóidís thart ionas go leigheasfadh mise iad.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d' éist siad le cluasa bodhránta, d' iaigh siad a súile, d' eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, mʼéist siad le cluasa bodhra, dʼiaigh siad a súile, dʼeagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’