Matthew 13:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Coimhmionca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtuigeann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe se an ní do cuireadh ann a chroidhe. Ag so an duine úd ann ar cuireadh an siol chois na slígheadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chluineann aon duine briathar na ríochta gan a thuiscint, is é rud, tagann an drochsprid agus sciobann sí ar shiúl an síol a cuireadh ina chroí; is é sin an méid a cuireadh ar imeall an chosáin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Duine ar bith a chluineann briathar na Ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.