Matthew 13:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chruinnigheadar slúaighte móra chuige, ionnas ar ndul a sdeach a luing, gor shuidh sé; agus do sheas an slúagh uile ar an dtráigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chruinnigh na sluaighte móra chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé innti; agus do bhí an sluagh go léir ’n‐a seasamh ar an dtráigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chruinnigh sluaite móra ina thimpeall, ar chaoi go ndeachaigh sé ar bord báid go raibh ina shuí ansin, agus an slua uile ina seasamh ar an trá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach.