Matthew 13:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an neach úd ann ar cuireadh an síol a measg an mhuinigh ag so an té do chluin an bhríathar; agus múchaidh róchuram an tsaoghailsi, agus mealltóireachd an tsaidhbhris an bhríathar, agus bí sé gan toradh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa drisleach, is é sin an té do‐chluin an briathar; agus tachtann cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
I dtaca leis an síol a cuireadh i measc na ndriseog, is é sin an té a éisteas leis an mbriathar, ach go mbíonn imní an tsaoil agus cluain an tsaibhris ag tachtadh an bhriathair, sa chaoi nach mbíonn toradh air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)