Matthew 13:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann maith a sé so an té do chluin, agus thuigeas an bhríathar; agus iomchras toradh, agus do bheir, cuid céud uiread, cuid trí fichid, agus cuid eile a deich fichead.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”