Matthew 13:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne síol musdaird, do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuir sé fáithscéal eile rompu, go ndúirt, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gráinne de shíol mustaird ar ghlac fear é agus ar chuir sé ina chuibhreann é;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: «Is cosúil ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.