Matthew 13:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuirfidh Mac an duine a aingil féin, agus cruinneochuid síad as a rioghachd gach uile scannail, agus an dream do ní éagcóir;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuirfidh Mac an duine uaidh a aingil, agus cruinneoidh siad amach as a ríocht a mbíonn ina gcionn-siocair peaca,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t-olc,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a Ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t-olc,