Matthew 13:44 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar an gcéudna, is cosmhail rioghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann; noch tar éis a fhaghála, do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdeachus do bhí air ar a shon imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuil aige uile, agus ceannuidhe sé an fearannsin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ciste i bhfolach i ngort; go bhfuair duine, agus gur chuir sé fá cheilt é; agus tré mhéid a áthais imthigheann sé, agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le taisce a bhí i bhfolach i ngort, ar tháinig fear air, agus ar fholaigh sé é; ansin leis an áthas atá air téann sé go ndíolann sé a bhfuil aige go gceannaíonn sé an gort úd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d' aimsigh é d' fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is cosúil Ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a dʼaimsigh é dʼfholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.