Matthew 13:47 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A ris, is cosmhail ríoghachd neimhe ré lion, ar na theilgean ann sa bhfairge, agus chruínnigheas da gach uile short éisg:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Arís, is cosúil ríocht na bhflaitheas le líon a caitheadh amach san fharraige agus a rug ar an uile chineál éisc;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Nó fós, is cosúil Ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh sa bhfarraige agus a ghabh gach uile shórt.