Matthew 13:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid eile fá thrí fichid, cuid eile fá thriochaid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thit síolta eile ar dhea-úir mhéith agus thug siad toradh, cuid de faoi chéad, agus cuid de faoi sheasca, agus cuid de faoi thríocha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.