Matthew 14:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan tháinic deireadh an láoi tangadar a dheisciobuil chuige, ag rádh, Ait fhásamhail so, agus do chuáidh a naimsear thearainn cheana; léig úait an slúagh, do chum go niméochaidís do na bailtibh, agus go gceannochaidis bíadh dhóibh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig na deisceabail chuige, agus adubhradar, Fásach is eadh an áit seo, agus atá an t‐am caithte cheana, cuir uait na sluaighte, go dtéighid isteach ins na bailtibh beaga, agus go gceannuighid biadh dhóibh féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí an tráthnóna beag ann, tháinig na deisceabail chuige agus ar siadsan leis, “Áit uaigneach gan áitreabh atá anseo, agus tá sé mall sa lá cheana féin; cuir na sluaite ar shiúl go dté siad isteach sna bailte agus go gceannaí siad bia dóibh féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: «Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”